[Gluais ar fáil ag bun an leathanaigh]
Tá rud ann a sheasann amach faoin tsochaí chaipitlíoch nuair a chuirtear i gcomparáid é leis na cinéalacha sochaithe a tháinig roimhe. Baineann sé leis an saibhreas a chruthaíonn sé. Ní raibh an domhan riamh chomh saibhir; ní raibh riamh an oiread sin bia agus éadaí agus earraí agus rachmas ar dhromchla an phláinéid seo is mar atá anois.
Amharc thart ort agus ní fheicfidh tú ach an t-éagothromas. Bain úsáid as cibé staitistic ab fhearr leat féin, déarfaidh siad uilig an rud céanna: ní dhéantar an saibhreas sin a roinnt go cothrom. (An staitistic a ritheann liomsa go minic ná gurb ionann an méid atá ag an ochtar is mó maoin ar domhan agus an méid atá ag an 50% is boichte!)
Ach sin ráite, bhí ann don éagothromas roimh an chaipitleachas. Agus ar bhealaí éagsúla, is córas níos fearr é an caipitleachas ná go leor a tháinig roimhe. Mar shampla, ní bheadh aon deifir ar an diúlach cathrach seo – nár oibir amuigh sna páirceanna riamh ina shaol – an clog a thiontú siar chuig aimsir an fheodachais. Mar sin, ní hé an saibhreas, ná an t-éagothromas féin a sheasann amach faoin chóras chaipitlíoch. Ní hé — is é an rud a sheasann amach ná go mbíonn an rachmas sin os comhair do dhá súil ó éirí go luí na gréine.
Déanann an caipitleachas riachtanais agus mianta an tsaoil a chrochadh amach ar taispeáint romhainn. Bíonn an t-éagothromas sin le sonrú gach uile lá.
Daoine gan dídean ar lorg chodladh na hoíche faoi scáth ostáin iontacha. Daoine gan bhia ag ransú fríd bhruscar bialainne ar lorg an fhuílleach a caitheadh amach ag deireadh an lae. Gnáthdhaoine ag maireachtáil ó mhí go mí, agus beatha an lucht rachmais craolta chucu gan stad gan staonadh ar scéalta Instagram, fógraí Snapchat, cláracha teilifíse agus altanna irise. Níl aon éalú óna gcuid carranna gasta, a gcuid tithe draíochta, a gcuid éadaí dóighiúla – a gcuid laethanta saoire seacht n-uaire sa bhliain in áiteacha a mbíonn an gaineamh níos gile ná an ghrian féin.
Is ionann an córas caipitlíoch agus córas a fhágann muid traochta, goillte, ídithe. Agus déanann sé sin agus é dár ngriogadh i rith ama leis na rudaí galánta taitneamhacha atá amuigh ansin sa domhan mhór cé nach dtiocfaidh bunús againn cóngárach dóibh choíche go deo.
Tóg sampla an ‘white water rafting’ i mBaile Átha Cliath a mheall na ceannlínte roimh an Nollaig in 2019. I gcroílár na géarchéime tithíochta is measa le glúnta, déanann an chomhairle i mBÁC cinneadh ionad ‘raftú bánuisce’ a thógáil i lár na cathrach agus infheistíocht de €22m a chur ar fáil dó.
Nó sampla níos rialta: billiúnaithe a shaothraigh a gcuid saibhris ar allas oibrithe, ag dó an tsaibhris sin os comhair an domhain uilig i spás-rás fánach féinspéiseach.
Mar a dúirt mé: dár ngriogadh, dár bpriocadh.
Ach ar ndóigh, is daoine daonna muid – ní róbait. Luath nó mall, éiríonn muid tinn tuirseach den cheap magaidh a dhéantar dínn. Tá an bhunfhírinne sin faoi nádúr an chine dhaonna i measc na bhfáthanna a bhfuil stair an chaipitleachais líon lán leis an bhrú ar ais, le streachailtí móra, le héirí amach agus le réabhlóidí. Ag pointe éigin, síneann na sluaite amach a gcuid lámh. Ní le bos oscailte an duine déirce, ach le dorn druidte an tslua dhoshásta.
Fádó fádó, ba ghnách leis na huaisle – na rithe is na tiarnaí – a fhógairt os ard go raibh siad i gceannas le grásta Dé. Go bhfuair siad a gcuid cumhachta ó Dhia féin; gur roghnaigh Dia iad. Bheadh sé deacair idé-eolaíocht níos láidre ná sin a chumadh. Samhlaigh a bheith ag argóint go raibh an rí ag plé leat go míchothrom nuair a phioc Dia an rí céanna sin! Thug siad Ré Cheart Diaga na Rithe (‘The Divine Right of Kings’) ar an tréimhse sin. Shíl siad nach dtiocfadh deireadh go deo leis. Tháinig go deimhin.
Tháinig deireadh leis in ainneoin go ndearna na huaisle sin i bhfad Éireann níos mó iarrachta an chosmhuintir, an ‘daoscarshlua’, a sheachaint oiread agus ab fhéidir. Thóg siad caisleáin bhreátha, ruaig siad na tuathánaigh ón talamh; i mbeagán focal, níor mheasc siad. Nó ní raibh siad dall ar an fhearg a spreagfadh taispeántais mhóra saibhris i dtútacháin ocracha. Is léir i gcás an chaipitleachais, áfach, go n-imíonn ciall le haois.
Tá an méid sin thuas ina ghnáthchuid cainte ag go leor de lucht leanúna Marx. Is caibidil é den ‘soiscéal’ againn, más maith leat.
Ba ghnách le roinnt Marxach glacadh leis go mbeadh deireadh leis an chaipitleachas agus, mar sin de, nach raibh ann ach ceist ama sula mbéarfaí isteach sochaí shóisialach. Chreid siad an méid sin ar fháthanna éagsúla, ina measc an chuid sin thuas den ‘soiscéal’, faoi chóras nach gcuireann ach beagán ar fáil agus a dhéanann mórtas gan náire de mhaoin shaolta na cruinne a choinnítear ón mhóramh.
In aineoinn chomh rialta a chuirfeas daoine i gcoinne an chórais, ba mheancóg é ag na Marxaigh sin talamh slán a dhéanamh den tsóisialachas. Caithfear sin a bhaint amach le hollghluaiseacht dhaonna – ní thitfidh sé anuas ón spéir.[1]
Dúirt an t-údar Marxach Mark Fisher tráth go bhfuil sé níos fusa in amanna deireadh an domhain a shamhlú ná deireadh an chaipitleachais. Nach orainne atá an t-ádh gur seans go dtarlóidh siad beirt i dteannta a chéile!
Ach bhí an ceart acu – b’fhéidir de thaisme — agus iad ag rá go dtiocfadh deireadh leis an chaipitleachas, mar a tháinig le ré cheart diaga na rithe. Tá an fáth taobh thiar de sin measartha simplí, agus é le léiriú sa domhan thart orainn: an ghéarchéim aeráide.
I bhfianaise pláinéad trí thine, ní rachaidh rudaí ar aghaidh mar atá go deo. Tá dallamullóg gan sárú á cur orainn féin leis an dearcadh gur féidir greimeanna bídeacha a bhaint as imeall na faidhbe. Tá athrú córasach de dhíth sula loiscfear dromchla an domhain seo agus gach ní air.
Dúirt an t-údar Marxach Mark Fisher tráth go bhfuil sé níos fusa in amanna deireadh an domhain a shamhlú ná deireadh an chaipitleachais. Nach orainne atá an t-ádh gur seans go dtarlóidh siad beirt i dteannta a chéile!
Ar bhonn níos dáiríre, áfach, an cheist atá ann dúinne ná cén clabhsúr a ba mhaith linn a chur lenár gcóras breá caipitlíoch? Tíortha faoi uisce, ainmhithe díothaithe, dúlra creimthe, na milliúin díbeartha óna mbailte agus óna dtíortha féin agus níos mó ná sin básaithe ag athruithe aeráide atá níos measa ná na tromluithe is scanrúla againn?
An mbeidh rachmasóirí na todhchaí dár ngriogadh, ní le físeáin dá n-arásáin órga in Dubai mar atá inniu, ach leis na geataí tuile is airde agus an air conditioning is nua-aimseartha? Nó an mbeidh críoch mhorálta leis an chaipitleachas? Ceann a fhágann leagan amach ar an tsochaí ina bhfuil riachtanais an chine dhaonna chun tosaigh ar aon rud eile? Ina bhfuil srian ar an chíocras brabúis a thug a fhad leis an phointe seo muid? Ina bhfuil deis againn an domhan ar a bhfuil muid a tharrtháil don mhóramh, agus chan don mhionlach a bhfuil na hacmhainní acu le bogadh go barr an chnoic?
Bhí Marxaigh ann — neart acu — a d’aithin claonadh an chaipitleachais i dtreo an léirscriosta, ach nár ghlac leis go dtógfaí an sóisialachas go huathoibríoch dá bharr. Duine acu, thuar sí gurbh é an rogha a bhí os ár gcomhair ná ‘an Sóisialachas nó an Bharbarthacht’. Scríobh an Polannach Rosa Luxemburg an méid sin in 1916 agus cogaíocht dhomhanda faoi lán seoil. San aonú haois fichead, agus muid go fóill i mbun cogaíochta – eadrainn féin agus in éadan an phlainéid féin – tá sé níos fíre ná riamh.
Tá muid inchurtha leis an dúshlán, áfach, is féidir linn slí éalaithe daonna a bhaint amach. Mar a dúirt an t-údar Ursula K. Le Guin tráth:
“We live in capitalism. Its power seems inescapable. So did the divine right of kings. Any human power can be resisted and changed by human beings.“
[1] Bhí iarmhairtí olca ag baint leis an seasamh sin gur go huathoibríoch a chuirfí deireadh leis an chaipitleachas agus a chuirfeadh an aicme oibre an sóisialachas i bhfeidhm. An ceann is measa acu siúd ná an ‘céimeachas’, an dearcadh go bhforbraíonn an stair de réir ord ar leith, gur gá di bogadh fríd staideanna ar leith atá réamhshocraithe. Go rómhinic spreag an céimeachas sin éighníomhacht (“ní gá dúinn ach fanacht go foighneach”), coiméadachas (“ná glacaimis seasamh róchonspóideach, níor mhaith cuir isteach ar fhorbairt nádúrtha na haicme oibre”), agus sna cásanna is measa, an frithghníomh (“cé gur maith na héilimh aici, níl an ghluaiseacht seo ag cloí le hord na staire agus beidh orainn cur ina héadan”).
Gluais
- rachmas: wealth
- éagothromas: inequality
- maoin: wealth
- diúlach cathrach: city lad
- an feodachas: feudalism
- fuílleach: waste
- griog: tease, tantalise
- féinspéiseach: egotistical
- prioc: goad
- doascarshlua: rabble
- tuathánach: peasant
- maoin shaolta na cruinne: the world’s material wealth, the world’s worldly goods
- loisc: burn, scorch
- díbeartha: expelled
- geataí tuile: flood gates
- cíocras brabúis: hunger/greed for profit
- claonadh an chaipitleachais i dtreo an léirscriosta: capitalism’s tendency toward destruction
- iarmhairt: consequence
- éighníomhacht: passivity
- coiméadachas: conservatism
- frithghníomh: reaction