“Cuireann an dá dhream an locht ar a chéile,” arsa tuairisceoir an BBC ag barr na huaire. “Ní dhearna ceachtar den dá thaobh an taobh eile a phriocadh,” arsa leas-ardchonstábla an PSNI sa tuairisc chéanna.
Agus leis na ráitis sin, a rinne ‘taobh amháin’ a ionannú leis ‘an taobh eile’, rinneadh cearnóg eile a líonadh isteach ar chárta biongó mhanaí na gcíréibeacha ó thuaidh. An mana sin, is é an ceann is coitianta é i ndioscúrsa polaitiúil an tuaiscirt.
Ach bréagnaíonn na fíricí loma an tseaninsint seanchaite sin thuas. An trioblóid a tharla tráthnóna Dé Céadaoin – a raibh fuadach bus agus ionsaí ar iriseoir mar chuid de – níor thit sé gan choinne ón spéir anuas.
Ó bhí Aoine an Chéasta ann, tá daoine óga i bpobail dhílseacha ag dul i ngráscar leis na péas. Treisíodh air sin Dé Céadaoin nuair a rinneadh ‘agóid’ a eagrú áit a mbuaileann Bóthar na Seanchille le Bealach Lanark – cóngarach do cheann de na ceantair chomhéadain is mó achrann sa chathair. Bhí na buamaí artola ag eitilt leo.
Ar Bhealach Lanark, tá balla mór síochána agus Bóthar Chluanaí ar an taobh eile de.
Déagóirí is Sinsir
Déagóirí a bhí i lár an aonaigh. Ach ar an taobhlíne bhí daoine fásta, iad ag tabhairt bualadh bos do na boic óga, agus de réir mar a bhí an ghrian ag dul faoi, bhí na sinsir á spreagadh i dtreo an bhalla síochána.
Is é seo a mheall ógánaigh Chluanaí amach. An ionann na heachtraí thuas agus “ní dhearna ceachtar den dá thaobh an taobh eile a phriocadh”? Ní hionann.
Ní sa tóir ar mhionábhar gearáin atá mé, ná ar lorg cúis le ról an mhorálaí mhóir a tharraingt ar an phobal náisiúnach. Níor choir go raibh scaiftí ag iarraidh dul i mbun círéibe, cibé griogadh a tharlaíonn.
Ach tá tábhacht bhunúsach ag baint le fíricí, go háirithe agus muid ag iarraidh an scéal ar fad a thuigbheáil.
Agus bímis soiléir faoi: ní hionann ar chor ar bith na pleananna mailíseacha sin a rinneadh d’aon ghnó agus aisfhreagra neamheagraithe tobann.
De réir cosúlachta, níor scaip na daoine óga sa tSeanchoill an plean le haghaidh agóide ag an líne shíochána. Tá amhras ann an iadsan a d’ullmhaigh an oiread sin buamaí artola roimh ré. Is cinnte nárbh iad na daoine óga a sheas ar an taobhlíne ag gríosú daoine óga eile dul i dtreo na ngeataí. Agus cé a smaoinigh ar charr a thiomáint fríd na geataí céanna sin?
Is mó seans gur fórsaí sinsearacha eagraithe dílseacha a rinne an méid thuas. Agus bímis soiléir faoi: ní hionann ar chor ar bith na pleananna mailíseacha sin a rinneadh d’aon ghnó agus aisfhreagra neamheagraithe tobann.
Fórsaí Dílseacha
Cad chuige a bhfuil fórsaí dílseacha ag cothú aighneas seicteach? An bunléamh atá ann go bhfuil fearg nach beag sa phobal Aontachtach faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann, rud atá i ndiaidh ‘teorainn’ a thógáil i muir Éireann.
In aineoinn gur chuir an DUP fáilte (an-!)chiúin roimh an Phrótacal i luath-Eanáir, tá siad i ndiaidh trí mhí a chaitheamh ag dul don chaint ghríosaitheach. Líomhaintí fá ‘dhíol amach’; bagairtí go bhfuil baol trioblóide ann; scéal chailleach an uafáis á scaipeadh fá scoilt leis an Ríocht Aontaithe – tá an port céanna á sheinm ag foireann Foster le fada.
Gan amhras, tá na grúpaí dílseacha ar buile. Ach is beag an t-ábhar iontais é sin; tá an fhearg ina slí bheatha acu. An difear sa chás seo ná gur mhothaigh siad muiníneach go leor faoi dhul i mbun gnímh. Chuala siad tuar an DUP go mbeadh drochiarmhairtí ar na sráideanna mura n-athrófaí an Prótacal. Níor thóg sé i bhfad ar na ‘fir chrua’ an deis a thapú agus an tuar a chomhlíonadh. Seans maith gurb é an sprioc acu ná airgead nó gealltanais a bhaint as na húdaráis le lámh láidir nó is é sin an modus operandi a bhíonn acu de ghnáth.
Ceannaireacht?
Bheireann seo muid fhad le mana eile ar an chárta biongó: “tá gá le ceannaireacht níos fearr ó pholaiteoirí Aontachtacha.” Níor mhaith liom a bheag a dhéanamh den éileamh sin, nó is aisfreagra nádúrtha é faoi láthair.
Ach amharcaimis thart. Fiú dá mbeadh an fonn uirthi, agus ní chreidim go mbeadh, an bhfuil sé de chumas ag Foster páirtí níos tomhaiste, níos forásaí a dhéanamh den DUP? Bheinn amhrasach fán té a mhaífeadh go raibh; is Trumpadóirí na hÉireann iad.
Cé eile atá ann? Is é Jim Allister (TUV) a tháinig i dtír go mór ar an phrácás a rinne an DUP den Bhreatimeacht, ach is mó seans go n-iompódh Sammy Wilson ina phoblachtóir ná go léireodh Allister ceannaireacht shiosmaideach.
Má mhaolaíonn an DUP agus a gcomhbhádóirí ar na teachtaireachtaí acu, bíodh geall go molfar iad. Tá seo feicthe againn go mion minic. Freastalaíonn Arlene Foster ar chluiche CLG Fhear Manach – nach maith í, tá muid ag bogadh chun cinn – agus titeann bliain de dhímheas de chlár na nuachta.
Tá an t-iarratas ar “cheannaireacht níos fearr” go hiomlán intuigthe. De réir fhianaise na mblianta, áfach, b’fhearr i bhfad é dá mba lú a dtionchar. Rogha eile atá de dhíth.
Tá an tAontachtas i gcroílár géarchéim bhuan. Go heacnamúil agus go sóisialta tá siad amuigh go maith ar an eite dheas, agus tá a gcuid polasaithe ag déanamh díobháil gan leigheas ar phobail lucht oibre. Sa stát Oráisteach, de réir mar a bhí sé de dhíth, bhí sé de chumas acu pinginí rua a chaitheamh i dtreo na cosmhuintire Protastúnaí chun iad a choinneáil ar bord. Tá an t-am sin imithe.
An t-aon seift amháin atá fágtha acu ná an seicteachas: seicteachas glic i bhfoirm bolscaireacht frithGhaeilge, nó seicteachas oscailte den chineál a léirigh Edwin Poots nuair a rinne sé iarracht an locht a chur ar náisiúnaithe as Covid-19 a scaipeadh. Cosúil le taoide na farraige, tránn sé agus líonann sé ach ní imíonn sé in am ar bith.
Scoite ón tsochaí
Ag pilleadh ar na daoine óga, agus ar nath mór eile ar chlár biongó na gcíréibeacha Tuaisceartacha: “tá buachaillí óga de chuid na haicme oibre aontachtaí scoite amach ón tsochaí”.
Tá siad. Ní gá ach amharc ar na staitisticí oideachais, fostaíochta agus mí-úsáid drugaí i gceantair bhochta aontachtacha le go dtuigfí gur todhchaí ghruama a d’fhéadfadh bheith i ndán do neart acu, fiú sular bhfuair said greim ar bhríce.
Ach ar an cheist seo tá polaiteoirí Aontachtacha mar bheadh ceirnín briste ann. Chan amháin go bhfuil faic déanta acu leis an fhadhb a réiteach, tá siad níos dílse arís do dhomhan an bhrabúis ná mar atá do bhratach na banríona. Is cuma leo faoi ghlúin óg choimhthithe ach sa mhéid gur féidir leo leas a bhaint astu le beag is fiú a dhéanamh d’eachtraí pléascacha.
Tá barraíocht dár gcuid daoine óga – in achan phobal – scoite, imníoch. Le blianta fada anuas, tá an t-ord nualiobrálach greanta i gcloch in Stormont agus tá an t-éagothromas ag géarú dá bharr. Tá na hinstitiúidí ar an chnoc sciliúil go maith ag cur in iúl nach bhfuil ach dhá rogha os ár gcomhair: an status quo anróiteach, nó filleadh ar an fhoréigean antoisceach.
Síolta an Athraithe?
Titeann an seicteachas ón bharr anuas: lasóg sa bharrach i gceantair atá brúite briste ag an nualiobrálachas fhiáin.
Titeann an seicteachas ón bharr anuas, ach tagann athrú ón bhonn aníos.
I mí na Bealtaine sheas mé féin in éineacht leis na scórthaí eile taobh amuigh d’otharlann an Mater, otharlann atá ar chomhéadan i dTuaisceart Bhéal Feirste. Bhí muid ann ag tabhairt ómóis d’éachtaí na n-oibrithe sláinte i ndiaidh trí mhí de Covid.
Na daoine a bhí bailithe, maraon leis na hoibrithe istigh, is ón ‘dá phobal’ a bhí siad.
Bhí mé taobh amuigh den otharlann chéanna i mí na Nollag 2019, ag seasamh leis na haltraí a bhí amuigh ar stailc i bhflichshneachta an gheimhridh. Daoine ón iliomad cúlra a chuaigh i mbun na dlúthpháirtíochta na laethanta sin.
Mí Aibreáin 2018, d’fhreastail mé ar léirsiú oibrithe sólainne in éadan príobháidiú a gcuid seirbhísí. Shiúil oibrithe Shólann na bhFál fhad le Sráid Northumberland a ritheann idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar na bhFál. Bhuail oibrithe Shólann na Seanchille leo ansin.
Agus an tseachtain seo chaite, shocraigh tiománaithe bus stop a chur lena gcuid oibre mar gheall ar na hionsaithe a rinneadh orthu. Tháinig siad amach go láidir in éadan na trioblóide. Go traidisiúnta ó thuaidh bheadh claonadh ag gluaiseacht na gceardchumann cáineadh a dhéanamh ar an ‘dá thaobh’; ba ghníomh tábhachtach é acu, ag baint leasa as cumhacht na n-oibrithe le brú a chur ar an DUP agus a gcairde.
Ní fiú dul thar fóir faoi na samplaí beaga sin. Ba shoineanta an mhaise é sin i gcomhthéacs na trioblóide atá feicthe againn.
Ach is fiú a rá nach dtiocfaidh na mórathruithe riachtanacha ó bharr ár sochaí – uathu siúd a chothaíonn an deighilt sheicteach agus an struchtúr eacnamaíoch taobh thiar dó.
Is fiú a rá go bhfuil sé thar am briseadh leis an dearcadh nach bhfuil ach an dá rogha ar fáil dúinn: comhoibriú leamh a dhéanamh leis an DUP nó dul siar daichead bliain.
Is fiú a rá gur dhóchasaí cúrsaí dá ndéarfadh script thuairisceoir an BBC, “cuireann an dá dream an locht… ar an chóras.”
Is fiú a rá nach bhfásfaidh sochaí úr, fiú amháin i gcás Éire athaontaithe, as seifteanna ‘ar an chnoc’ nó as comhráití compordacha liobrálacha, ach go bhfuil seans aici bláthú ó na síolta a chuirtear de bharr streachailtí comhroinnte ón bhonn aníos.
Is fiú a rá go bhfásfaidh sé uathu siúd, nó ní fhásfaidh sé ar chor ar bith.
—-
Nóta Beag Deiridh: tá moladh mór ag dul dóibh siúd ó na pobail áitiúla a tháinig amach ar na sráideanna agus rinne an-iarracht le stop a chur le haon trioblóid. Go háirithe ar Bhóthar Chluanaí, áit ar éirigh leo an scaifte óg a bhí ann a choinneáilt ar shiúl ón line síochána. Níl go leor airde tugtha do na hiarrachtaí chróga sin.
Go fadtéarmach, áfach, ní hé an rud atá uainn ná go bhfanfadh daoine ón phobal go ciúin sa bhaile. Bheadh sin go mór ar leas lucht cumhachta Stormont.
B’fhearr i bhfad é dá ndíreofar an frustas amuigh ansin ar an ord nualiobrálach atá ag déanamh an oiread sin damáiste – ar bhonn síochánta ar ndóigh. Is gá dúinn briseadh leis an binary gurb iad an trioblóid sheicteach nó polaitíocht na n-institiúidí an t-aon dá bhóthar atá romhainn.